
Firefly (sraith teilifíse)
Sraith teilifíse "space western" is ea Firefly. Chruthaigh an stiúrthóir Joss Whedon é le comhoibriú óna chomhlacht Mutant Enemy Productions. Ba é Whedon agus Tim Minear na táirgeoirí feidhmeannacha. Tá an clár suite sa bhliain 2517 i ndiaidh teacht an chine daonna i gcóras réaltrach nua. Léiríonn an tsraith na heachtraí den chriú tréigtheoireach de "Serenity", ceann dena longa spástoireachta "Firefly". Glacann na príomhcharachtair róil mar an naonúr a chónaíonn ar Serenity, nó i bhfocail Whedon: "naonúr a chaitheann súil ar dhorchadas an spáis agus atá ag féachaint ar naoi rudaí eagsúla." Pléann an clár saol grúpa daoine a ghlac páirt i gcogadh cathartha ar an taobh a cailleadh, comh maith le daoine eile atá ina gcónaí ar imeall na sochaí mar chuid de chultúr ceannródaíoch. Sa todhchaí, ba iad na Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tSín na sárchumhachtaí deireanach agus chruthaigh siad rialtas cónaidhmeach idir-réaltrach: 'An Alliance'. Dar le fís Whedon "Ní athroidh aon rud sa todhchaí, beidh dul chun cinn sa teicneolaíocht, ach beidh na fadhbanna polaitiúla, morálta, eiticiúla céanna againn."